Scoil: Corr na Móna
- Suíomh:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Maille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr na Móna
- XML Leathanach 194
- XML “Cistí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chuaidh sé a chodhladh an oidhche dár gcionn tháinic fear aige agus dubhairt sé leis go rabh sé ann. An dara oidhche dúbhradh leis é agus an tríomhadh oidhche nuair a chuala sé é. Deirigh sé go léim chuir sé air a chuid éadaigh agus sé go dtí an cladach. Rug sé ar an téad agus tarraing sé é. Leig an fear amuigh béic agus béic eile acht dhá mbeadh sé ag beiceadhach ó shoin ní leigfeadh an fear amach a téad. Bhí an pota ag teacht un cladaig. Ba gur leig an fear amuig béic agus chuala an domhan é. Ba gearr go dtug sé un cuain an pota agus bhí an fear a bhí amuig ar marcuigeacht ar a lepota Tháinic sé i dtír é fhéin agus an pota. Is maith an fear tú adeir fear an cisde. Béidh tú saidbhir lé do ló adeir sé de bhárr do chuid misnigh féin.
- Bailitheoir
- Seán Ó Caidain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Loiscthe, Co. na Gaillimhe