Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 442
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mac aige.”
Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mac aige. Siopadóir dob eadh duine aca agus feirmeóir dib eadh an duine eile.
Théigeadh an feirmeóir ag imirt cártaí gach oidhche agus chaitheadh sé ana chuid airgid ortha agus bhíodh a bhean agus a leanbhaí ag scréachaig leis an ocras.
Aon oidhche amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile tháinig fear ar an mbóthar roimis agus dúbhairt leis dul ar an dtaobh istig de'n gclaidhe leis ag imirt cártaí. Dúbhairt an feirmeóir ná raibh aon airgead aige agus dúbhairt an fear leis go gcuirfeadh sé féin an t-airgead síos do. Chuadar isteach agus bhíodar ag imirt agus ag imirt agus ag imirt agus taréis tamaill do bhuaidh an feirmeóir air. Annsan thug sé bosca beag draoidheachta dho agus dúbhairt sé focail leis chun é chur ar siúbhal agus chun é stop.
Chuaidh an feirmeóir abhaile agus dúbhairt sé lé'n a bhean an tig a scuabadh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Shéaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Cathair an Treantaigh, Co. Chiarraí