School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 023
  3. XML “Toradh na Foidhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bean a bhí ann is bhí aon leanbh amháin aici. Tháinig a deirbhsúir chúiche lá is nuair bhí sí ag imteacht abhaile chuaidh an bhean amach á tionnlacan is d'fhág sí an leanb fé chúnamh an cailín aimsire na diaidh. Bhí an cailín aimsire ag deunamh seóláil[?] agus i gcionn tamaill bhuail chúiche isteach fear mór dubh a gheall sparán airgid don cailín ach an leanbh a seoláil. Scóláil an cailín aimsire an leanbh is chuir sí an sparán óir fé bhéul báisín.
    Nuair a bhí an fear imtighthe is an leanbh scóláithe chuaidh an cailín aimsire ag áireamh an airgid sa sparán ach ní raibh ann ach licíní slinne. Nuair tháinig an bhean isteach d'innis an cailín di cad a bhí deunta aici D'imthig an bhean is thug sí léi cnámha an leanbh is d'fhíll sí suas in éadach bán iad is chuir sí i gcoiméad iad. Nuair a tháinig an fear isteach d'fhiafhruig an cailín cá raibh an leanbh agus dúbhairt sí gur rug a deirbhshuir léi é. Ní raibh an leanbh ag teacht in aonchor is fé deire dúbhairt an fear leis an mnaoí imtheacht is an páiste a thabhairt léi. Nuair bhí an fear imtighthe a chodladh d'imthigh an bhean is thug léi cnámha an leinbh is d'fhíll sí suas in éadach bán iad is chuir ar an mbórd iad. D'fhan sí féin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Céilleachair
    Gender
    Male