School: Sraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith
- XML Page 175
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Uair amháin bhí beirt fear ag imirt cártaí agus an oidhche seo nuair a bhí siad ag dul abhaile chuaigh gach éinne acu a bhealach féin.”
Uair amháin bhí beirt fhear ag imirt cártai agus an oidhche seo nuair a bhí siad a' dhul abaile, chuaid gach aoinne aca a bhealach féin. Nuair a bhí an fear seo a' dul a bhealach féin tháinig fear amach roimhe agus d'fiafhruigh sé dhe tuige a raibh sé amuich an tráth seo d'oidhche. Dúbhairt seisean go raibh sé ag imirt cártai. Annsin nior dhúbhairt an fear strainséarach nios mo. Thárla an rud céadhna an dara oidhche agus an triomhadh oidhche. Annsin d'innis sé an sgéal dá mháthair agus dúbhairt sise leis a dhul go dtí bean feasa a bhí sa gcomharsanacht. Chuaid agus dúbhairt sí leis fáinne a dheanamh de dhriseach agus buidéal uisge beannuighthe fhághail agus dá mba dhroch spiorad é go seasfhadh sé istigh sa bfáinne acht dá seasfhadh sé taobh amuich de gur spioradh maith é. Nuair a tháinig oidhche lá'r na mhárach tháinig an fear strainséarach(continues on next page)- Informant
- Mairéad Ní Maoleallaidh
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Doire Easa, Co. Mayo