School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teach Chaoin (B.)
- XML Page 194
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Éadaighe
Níl aon tailliúr sa bparaiste seo anaois. Bhí tailliúr ann cúpla bliadhain ó shoin ach fuair sé bás. Balbhán bodhar a bhí ann agus d’oibruigheadh se ina theach féin. Ní choinnigheadh sé éadaighe ar bith sa teach. Ta táilliúiri i gClár Cloinne Mhuiris agus cuinnuigheann siad ádhbhar cultacha sa teach agus ní de deanamh na h-áite iad. Ni chaitheann na daoine cultacha de éadach na h-áite de ghnáth.
Deantar leinteacha san áit seo go speisealta do gasúiribh beaga. Fadó deintí de lín éadach iad ach ní dhéantar anois iad.
Cnitéalann na maithreacha agus na cailíní óga stocaí go speisealta do na fir agus do na paistibh. Caitheann na mna stocaí a gheibheann siad ins na siopaí. Tá ceithre túirne ag obair san áit – (1) Bean Uí Mhaolaithe i gCláirín. (2) Bean Uí Fhloinn Cluain – Caoin. (3) Bean Ui Choisdealbhaigh Druim- Sionnach. (4) Bean Uí Dhubhan, Cláirin. Ceannuightear(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male