School: The Neale (B.)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Mac an Bháird
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: The Neale (B.)
  2. XML Page 007
  3. XML “Seanscéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bocht seo." Ná bí ag cur moille orainn anois, mar níl aon am le spáráíl againn mar tá siad le bheith pósta go moch ar maidin.
    Mar sin feín chuadar go dtí Pálás an Phápa agus nuair a bhíodar istigh ann, chuir Seumas an faitchios ac an bpápa nuair chonnaic sé Seumas taobh leis, agus d'fhiafruigh sé cé'r b'as é nó ceárd thug annsin é. "O, tháinig mé isteach trí poll an ghlais" arsa Seumas.
    Nuair d'iarr sé pardún an t-sagairt air, d'eitigh sé é agus thosuigh sé ar glaodhach ar na saighdiúirí acht níor chuala siad é. Annsin thosuigh sidheóg ag cur teineadh as béal Séamuis agus bhí an seomra ar lasadh, aus dubhairt an Pápa dá mhúcfaidís an teine go dtugadh sé aon rud san domhan uaidh ag acht gan é a mhúchadh ina bPálás féín. Mhúch siad an teine agus shuidh sé síos agus sgríobh sé párdún an tsagairt. Nuair fuair Seumas é, chuir sé ina phóca é agus thug sé buidheachas dó agus dubhairt sé nach gcuirfeadh sé aon trioblóid arís go deo air. Amach leo annsin agus ba ghearr go rabhadar in aice paláis an Ríogh, agus chuala siad an ceól breágh, agus na daoine ag damhsa agus ag rinnce. Ag dul isteach dhóibh dubhairt cheannphort na sideóga cúpla focal, agus annsin ní raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English