School: Log Buidhe (roll number 15539)
- Location:
- Lugboy Demesne, Co. Mayo
- Teacher: Seán de Crúis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Log Buidhe
- XML Page 204
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhíodh níos mó táilliúirí sa gceantar seo mar atá fá láthair.
Fadó bhí dhá cheann ann acht anois níl acht aon cheann amháin. Tá am deas acu anois i gcomparáid leis na táilliúirí a bhí ann fadó.
Ní raibh a teach féin aca le obair a dhéanamh ann acht do théigheadh siad ó theach go teach ag déanamh éadaighe do na daoine.
Do thiúbharfadh siad na h-uirlísí leobhtha agus nuair do rachaidís chuig an teach d'obruigh cuid aca ar an mbord agus bhíodh doras ag daoine an tighe leis an gcuid eile agus do dhéanfadh siad na culaith éadaighe ar lár an urláir.
Bhíodh gach uirlís aca mar atá ag na tailliúirí fá láthair acht an inneall fuaghála. Bhíodh snáthad agus snáth aca leis na culaith éadaighe do fhuagháil agus bhíodh siad chomh breágh is na culaith éadaighe a dhéanfas an inneall fuaghála. Tá seomra ag na táilliúirí fá láthair ina dteach féin len a gcuid oibre a dhéanamh ann agus téigheann na daoine chuca nuair bhíos éadaighe le déanamh aca.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Gothraidh
- Gender
- Female
- Address
- Lugboy Demesne, Co. Mayo
- Informant
- Martan Ó Cléirigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Lugboy Demesne, Co. Mayo