Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)

Suíomh:
Lugboy Demesne, Co. Mayo
Múinteoir:
Seán de Crúis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Log Buidhe
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cúram na gcos.
    Fadó níor chaith na daoine bróga go raibh siad in a mbuachaillí agus in a gcailíní óga, sé sin, nuair bhíodar timcheall is fiche bliadhain d'aois.
    Bliadhanta ó shion bhí daoine ann nár chaith bróga chór ar bith, acht ní mar sin atá an sgéal fá láthair, bíonn bróga is stoca ar gach duine, go deimhin, is minic a chonnaic mé bróga ar páiste sa gclíabháin.
    Gach oidhche nuair bhíodh a gcosa nighte ag na páiste, déireadh na sean daoine, dhá gcaitheadh siad an t-uisge amach do thagfadh na sídheóga thart ar an teach i rith na h-oidhche.
    Uarannta do cheannuigh na daoine píosaí leathair, do thug síad do'n ghreasaidhe íad, agus do rinne sé "clogs" dóbhtha.
    Bhí na "clogs" sin tirm agus te
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosaimhín Ní Fhlaitle
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cornacarta, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Ruadháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrickacat, Co. Mayo