School: Tón Ruadh (roll number 12809)
- Location:
- Tonroe, Co. Mayo
- Teacher: Máirtín Ó Giobaláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tón Ruadh
- XML Page 60
- XML “Drochaimsir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá agus oidhche. Do leag sé tíghthí agus crainn agus marbhuigh sé a lán beithidheach. Na caoirigh a bhí amuigh, marbhuigheadh íad leis an storm agus gach rud eile a bhí amuigh fuaradh marbh íad nuair bhí an storm thart. Is iomdha sin páiste a fuair bás leis an ocras agus an bhfuacht. Nuair a leag an storm na tíghthe in a raibh síad in a gcómhnaidhe fágadh na páiste amuigh sa bhfuacht gan rud ar bith le n-ithe agus as sin fuaradar bás. ’San gcaoi sin rinne an storm sin a lán dochair.
Deireann mo shean mháthair gur thárla storm eile nach raibh cómh mór leis an dá storm roimhe. Adeir sí go ndearna sé a lá dochair freisin. Do bhí an talamh bán le sneachta agus é in a carnaibh móra leis an ngaoth i lár na mbóthar. Do sheas an sneachta sin timcheall seachtmhaine nó mar sin. Ná caoirigh a bhí amuigh cailleadh íad sa sneachta agus gach cineál eile beithidheach a bhí amuigh cailleadh íad sin freisin. Nior cailleadh fear, bean nó páiste sa storm sin.
Is minic a chuala mé mo sean-mháthair ag trácht fá’n oidhche ar thuit(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Searraigh
- Gender
- Female
- Address
- Ballintadder, Co. Mayo
- Informant
- Edward Connor
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Occupation
- Farmer
- Address
- Ballintadder, Co. Mayo