School: Béal Dearg (roll number 11582)

Location:
Béal Deirg Mór, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mac Conghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Dearg
  2. XML Page 441
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Níl aon ainm fe leith air)
    (Sgéal é seo a fuair mé ó Micheál O Réagáin an seanchaidhe Béal Dearg Beag)

    Bhí rí ann uair amháin agus an lá seo d'éírigh sé amach ag bailiú cíosa agus thárluigh sé isteach i dteach in a raibh bean seolta. D'fan an rí gur rugadh an leanbh agus mac breágh a bhí ann. Chuaidh an rí amach agus bhain sé fios as na réalta agus cuiread in iúil dó go bpósfadh an buachaill óg a ingean féin. Níor thaithnigh sé sin leis an Ríogh.
    Chuaidh sé isteach arís agus dubhairt sé le fear a' tighe go dtógfad sé feín an mac leis mar theastuigh sé uaidh. Cé nach raibh tuismightheóirí an leinbh sásta b'éigin dóibh géilleadh don righ agus an mac a leigint leis. D'imthigh an Rí agus fuair sé bosca agus chuir sé an gasúr og isteach ann agus chaith sé amach san abhainn é. Aba mór a bhí ann agus scuab an sruth an bosca leis síos le fánaidh.
    Tháluigh go raibh táilliúir thíos ag an abainn an lá céadna agus chonnaic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Réagáin
    Gender
    Male
    Address
    Béal Deirg Beag, Co. Mayo