School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Location:
- Ballymacart, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Page 17
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí bean ann fadó agus bhí leanbh breágh aici. Tógadh uaithe é agus cuireadh leipreachán cuiche in a áit. Ní stadadh sé ach ag gol de ló istoidhe. Ní raibh fios aici cad a bhain don leanbh. Timcheall cúpla mí ina dhiaidh sin bhí táilliúr ag obair sa tig an duine sin. Bhí an bean ag dul as baile ló agus dubhairt sí leis an táilliúir súil a bheith aige ar an leanbh.
Nuair a fuair an páiste imithigthe í léim sé amach as an cliabhán agus chuaidh sé suas f'én gcúpla agus thug sé bheidhlin leis anuas as. D'imir sé port breágh do'n táilliúr. Tháinigh iongantas mór ar an táillúir agus d'fhiafruigh sé de dén port é. Dubhairt an leipreachán gur thogadh an leanbh a bhí ag an bhean agus chuireadh é féin cúichí in a áit. D'fhiafruigh an táilliúir de an mbeadh aon rud le déanamh aici chun é dhíbirt. Dubhairt sé go mbeadh acht gan a innsint air - an sluasadh do dheargadh agus é leagaint air. D'innis an táilliúir nuair a fuair sé a am féin. Dhein sé é agus chaith sé imteacht le fuinneamh agus cosadh a leanbh féin uirthí.- Collector
- Caitlín Ní Chróinín
- Gender
- Female