School: Baile Mhic Airt, An Rinn

Location:
Ballymacart, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 64

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 64

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Page 64
  3. XML “Piseoga na Bealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    guail dearg agus salainn do chuir ina bhfochair, agus ní baoghal do'n im annsan go ceann bliana.
    Tá cleas eile ann chun cosg do chur le imteacht an ime,, sé sin crudh chapaill nó tarraing meirgeach os choifín do bualadh isteach tríd an mheadrach.

    * * * *

    Tá luibh áirithe ann a bhaintear oidhche Bealtaine. Luibh na seacht ngábhadh tugtar uirre. Don fhear nó bhean feasa a gheobhadh anluibh sin ní bheadh sórú le fághaill, mar leighes feadh an luibh gach tinneas gus galar dhá dhonnacht é.

    Aon cáilín a cuirfeadh luibh na seacht ngabhadh fena ceann Oidhche Bealtaine éidfead sí an fear a bheadh sí cun a phosadh id t aidhbhreamh.

    Oichche Bealtaine bhíodh droch mianach in daoine áirithe agus ba minic a churfeadh sean chailleach uibhe dreoighthe ilár na gcocaí féir ar feirmeóir airithe agus dá mbriseadh na h-uibhe insan bféar, geobadh an chuid bamhó des na ba bás. Dá bfaighfidhe teacht ar n h-uibhe i gan íad a bhriseadh annsan íad do chaiteamh isteach sa teine. Deirtar go ndeanfeadh sé sin duine do chosaint ar an droch guidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Chúil Rua, Co. Waterford
    Informant
    Seán Breathnach
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Chúil Rua, Co. Waterford