School: Baile Mhic Airt, An Rinn

Location:
Ballymacart, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 72

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 72

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Page 72
  3. XML “Na Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar thalamh Mícheal ó hAthaire tá lios eile agus deirtear go bhfaca fear firín beag agus bhí caipín dearg air le linn tuitim na h-oíche.
    ---------------------------
    Deirtear go bhfuil lios ar talamh muintir Mhic Gearalt i mBaile Uí Cuirrín. Aon oíche amháin fadó chonaic duine de na Mac Gearalt fear beag. Chuaidh sé anonn chuige agus d'iarr an fear beag ar an nGearaltach píosa tobac a thabhairt dó. Ní thabharfadh an Gearaltac an tobac dó agus thosnuigh sé ag glaoch ainmneacha ar an bhfirín. Nuair a chuaidh an Gearaltach abhaile an oíche sin chuaidh sé a codladh agus ní bfuigheadh sé eirighe ar maidin agus fuair sé bás im tráthnóna.
    --------------------------------
    Bhí lios i mBarra na Stuac cúpla blian ó shoin agus do dhein feirmeoir an lios do threabhadh. Nuair a bhí sé ag crúdh na mba an oíche sin tháinigh pian mór ina mhéar beag. Shíl sé an chúis gur dealg a bhí ann
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Chúil Rua, Co. Waterford