School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Léon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 119
- XML “An Gasúr Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an méid eile de bhur saoghal.
B'fíor dúithe. Bliadhain ó'n trathnóna ceadna rugadh mac óg daobhtha. Bhuail a' gasúr a bhorradh suas is ní rabh sé bliadhain de aois go rabh sé i n-a fhear dheánta. Bhaist na comhursanaí an "Gasúr Sidhe" air
Seal i n-dhiaidh rinne an gasúr sidhe briongloíd oidhche amháin go rabh sé ag iasgaireacht ar abhainn mhóir is go rabh cailín óg 'á bháthadh san abhainn, gur léim sé amach ag iarraidh a sábháil is go dtearn sí racht mór gáire air is dubhairt sí go rabh níos mó de iaróg roimhe ise a shábhail. Nuair d'éirigh sé ar maidín bhí sé imnidheach fá'n bhrionglóid a rinne sé. Chuaidh sé ionnsoir fhear críonna a bhí ar a' bhaile agus d'innis sé dó fá'n bhrionglóid a rinne sé. Dubhairt an fear críonna leis, "Ní thig liom brígh do bhrionglóide a innse duit anois ach suidhfidh mé anocht go maidín agus má ghnídh tú an bhrionglóid anocht béidh mé ábalta innse ar maidín dhuit an chiall a bhí léithe". Shuidh an fear críonna go maidín agus nuair a thuit an gasúr siar a chodladh rinne sé an bhrionglóid cheudna.
Ar maidín lá thar 'na bhárach bhí an(continues on next page)- Informant
- Máire Nic Bhreartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal
- Informant
- Seaghan Mhac m mBriartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 39
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor adhmaid
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal