School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Luacháin
  2. XML Page 154
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an áit a mbéadh gearrfíadh, fastuigh é no béith gnoithe agat leis”. dFastuigh mach an righ “Cos Lúthmhar” fosta. Shiubhal deireadh leo go dtí go dtainig siad fhad le fear. Bhí a shúil le gunna aige mar bheadh sé ag glacadh aim ar rud eigin. “Goidé tá an fear sin a dheanadh” arsa mac righ na h-Éireann. “Sin Súil lé Gúnna” arsan fear beag, Thiocfadh leis chuileog a aimseadh seacht míle ar shiubhal, tabhair leat é sin fosta nó béidh gnoithe agat leis”.
    Shiubhail siad leobhta gur shroich siad teach na bainrioghna. “Anois” arsan fear beag ruadh, “nuair a rachfhas tusa isteach cuirfidh an bhainrioghain fáilte mór romhat agus deirfhidhe sí leat. A dhuine bhoicht caithfhidh sé go bhfuil tú iongantach tuirseach indhiaidh theacht is Éire. Suidhe síos ar an cathaoir seo; agus taisbeanaidh sí cathaoir duiut. Acht ná suidhe tusa uirthi no tá biorain saidhte inntí agus ta nimh ortha. Ma shuidheann tusa ortha (tab) beirfhid siad do bhás. Acht abair go bhfuil fear leat atá iongantach tuirseach agus go bhfuil sgíste a dheith air agus sgairt isteach ar Tón Chruadhach. Suidhfhid seisean (uirthi) ar an chathaoir agus bainfhidh (as)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Language
    Irish