School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 337
  3. XML “Loch Dearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí cómhgarach.
    Bhí go maith 'sní rabh go holc. Thoisigh an chiaróg ag fás, ag fás agus
    ag fás go dtí san deireadh go rabh sí na péist mhillteanach. Ní chodluigheadh
    sí a'n néal ach uair ag an mheádhon lae i gcómhnuidhe agus annsin bhíodh
    toirt cruaiche mónadh d'á druim suas os cionn an uisge.
    Bhí beirt fear amuigh ar bád lá amháin. Caidé rinne siad ach a dhul ro dheas de'n phéist. D'fhosgail sí a craos agus shlog siar bád, fir agus deireadh. Caide chas ag fear de na fir ach miodóg agus thoisigh an bheirt aca ag gearradh beallaighe amach dóibh fhéin fríd thaoibh na péiste.
    Nuair a mhaithigh an phéist an phian chuaidh sí ar mire. Aníos agus síos a'n loch léithe ag maistriughadh an uisge agus í ag cur fola amach ar a béal. Bhí néal de chubhar bhán os cionn na locha ar féad seachtmhaine agus mhair uisge na locha ag rachaidh dearg ó chuid fola na péiste go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An tÉadan Anfach, Co. Donegal
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female