School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 384

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 384

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 384
  3. XML “Mághnus Ó Maolagáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cómhgaraigh agus bhí sin istigh go cinnte gleó agus torman. Shiubhal sé leis ag tarraingt ar an ghleó agus chár mhothuigh sé go rabh sé istigh i gceartlár sgaifte de fheara beaga baoideacha nach rabh órdlach níos aoirde na do ghlún, agus iad uilig ag marcaidheacht ar shifíní luathra.
    "Céad fáilte rómhat, a Mhághnúis Uí Mhaolagáin," ars siadsan, "aníos leat agus na bíodh doithcheall ar bith ort roimhe do chómhursannach béal-dorais."
    "Go rabh maith agaibh a cháirde," ars Mághnus. "Bhí mé ag imtheacht agh áirneál agus rinne mé amach go mbogfainn isteach nuair a chualaidh mé an callán."
    "Bhal," ars fear aca, "tá sinne ag deánamh réidh le h-imtheacht na Spáinne anocht, ann rachtha linn?"
    "Och, níl gléas marcaidheachta ar bith agam," ars Mághnus, "agus bhéidhinn i bhfad ag dul ann de chois".
    "Chá mbíonn sinne i bhfad ag fághail gléas marcaidheachta díot," ars fear aca,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female