School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 148
  3. XML “Scéal fá Cholm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eibhlín bean Uí Dhomhnaill, Leitir Catha, An Clochan Liath Tírchonaill a d’innis
    Scéul Fa Cholm Cille
    Fhad agus bhí Colm Cille i n-Albain bhí sé ag smaointiú ar Éirinn agus ar mhuinntir na hÉireann agus gidh go rabh sé fhéin i n-Albain bhí a chroidhe i nÉirinn.
    Lá amháin cruinnigh sé a chuid manach fhad le cobha na leaptha chuige agus dubhairt leo, “Tá mise bhur bhfághail; tá mé ag gabhail a fhághail bháis agus seo an rud atá le h-innse agam dibh: Nuair a bhéas sibh a mó chur i gcomnair cuiridh buideal isteach ins an comhnair in mó cuideachta a mbéidh mó ainm scríobhtha air, agus leigidh an chomhnair amach leis an fhairrge.” Rinne na mánaigh mar hiarradh ortha.
    Bhí go maith agus ní rabh go holc indiaidh seal aimsire thainic an comhnair i dtír i nInis Éoghain. Bhí fear ina comhnuidhe in Inis Eoghain agus bhí bó aige a dtugadh siad an Ghlas Gaibhleann uirthí. Lá amháin nuair a leigeadh amach an bhó shiubhail sí síos fhad leis an tráigh agus thúsuigh a ithe na feamnaighe a bhí ag fás a chois na trágha. Nuair a thainig an bhó isteach ‘un an bhoithigh tráthnóna ní rabhthar ábalta soithigh go leor a fhágail fa choinne a chuid bainne. Ar maidín la ar na bárach cuaidh fear a’ toighe síos fhad leis an trágh go bfeiceadh sé caidé ba cionntaigh le seo, agus fuair sé an comhnair agus feamnach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Catha, Co. Donegal