School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 36

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 36

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 36
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann a'n am amháin agus bhí sé do-chomhairleach i gceart. Thug sé a chúl ar an Aifreann agus cé go raibh a athair gabhail do ar fad fa dtaoibh de ní raibh maith ann.

    Scéal
    Bhí fear ann a'n am amháin agus bhí sé do-chomhairleach i gceart. Thug sé a chúl ar an Aifreann agus cé go raibh a athair gabhail do ar fad fa dtaoibh de ní raibh maith ar bith ann. Domhnach amháin bhí broc sneachta ann agus thainic beirt fhear isteach ar a lorg fa choinne é ghabhail a sheilg.
    Bhí fearg ar a athair cionnus nach ndéanfadh sé an rud a bhí sé a iarraidh air agus ar a ghabhail amach ar an doras don mhac dubhairt an t-athair, "Tá súil agam nach bhfilleann tú go dtabharfar isteach ar na maidí thú."
    Shiubhail na fir leo. Níor bhfada gur éirigh giorrfhaidh mór dubh rompa. D'fhiach ach a'n fhear aca le n-a caitheamh ach sháruigh ortha urchar a chur ann. Lean siad don tseilg agus nuair a bhí an oidhche ag teacht scar seisean leis an bheirt eile agus thug aghaidh ar an bhaile. Chuaidh sé doimhin isteach ins an oidhche ach ní raibh sé ag teacht. D'éirigh a mhuintir ins an bhaile imnidheach fa dtaoibh do agus chuir siad isteach oidhche chéasta go maidin ag smaoitiughadh air.
    Teacht an lae chuaidh siad fhad leis an bheirt fear a bhí ina chuideachta agus chuir ceist ortha. Ca háit ar fhág siad é. Dubhairt na fir gur scar siadsan leis ina leithéid seo de áit, agus go dtug sé a aghaidh ar an bhaile. Chuaidh na fir leobhtha no gur thaisbean siad an áit dóibh agus ar rochtain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomas Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal