School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)

Location:
Béal na Cruite, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 77

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 77

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Page 77
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Is iomda stóirm agus galadh gaoithe móire a chonnaic mise le mo chuimhne acht measaim féin nach rabh stóirm ariamh san chuid seo den tír agus bhí ann an uair sin ar cuireadh an "Silesia" fa thír thíos annso ar Thráigh Silesia eadar dumhacha an Chéididh ag

    Is iomda stóirm agus galadh gaoithe móire a chonnaic mise le mo chuimhne acht measaim féin nach rabh stóirm ariamh san chuid seo den tír agus bhí ann an uair sin ar cuireadh an "Silesia" fa thír thíos annso ar Thráigh Silesia eadar dumhacha an Chéididh agus Oileán Charrach. Tráigh na ndóirling a b'ainm don thráigh sin go dtainig an soitheach seo fa thír inntí. Tús an gheimhridh bhí ann san bhliadhain 1854, i dtráthaibh an 4ad Samhain nuair a bhuail an stoirm millteanach seo an chósta s'againne. Bhí sgoith aimsire ann ríth an fhoghmhair agus mhair sí mar sin rith aimsir baint na bphreataí. I dtús na Samhna bhris an aimsear go tobann agus bfhurust aithne ar an fhairrge agus na spearthaí go rabh racán air. Bhí an chailleach dubh le feiceal na seásamh fa bhéal na tráigha, agus faonleógaí ag eiteall isteach ón fhairrge ag baint na lócha amach áit a mbéadh fosgadh aca ón chaill bhí le theacht. Cha rabh sé i nganfhios do na geacha fiadhaine ach oireadh mar thráig siad Ceann Áranna agus na h-oileáin bheaga uaigneacha fan chladach fa choinne na seasgáin, agus na gleanntáin sléibhe go dtéigheadh an stóirm thart.
    I dtráthaibh na meadhan-oidhche den thríomadh la de mí na Samhna bhris an stóirm ar gaoth aniar ndeas bhí inntí ar tús, acht fa chionn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish