School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)

Location:
Béal na Cruite, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 79

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 79

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Page 79
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Is iomda stóirm agus galadh gaoithe móire a chonnaic mise le mo chuimhne acht measaim féin nach rabh stóirm ariamh san chuid seo den tír agus bhí ann an uair sin ar cuireadh an "Silesia" fa thír thíos annso ar Thráigh Silesia eadar dumhacha an Chéididh ag

    (continued from previous page)
    duine a fuair saor uaidh. Shiabadh[?] ar shiubhal glan na cionn de cuid de na toigthe go fiú na scrai[?] féin bhí siad imthighthe. Theífea fear ag teach annso agus fear eile ag teach annsiud ag fiachaile sugáin chuir trásna ceann an toighe ag iarraidh gan é leigint ar shiubhal ar fhad leis an doineann. Bhí cruacha leagtha thall agus ibhus agus an cochán sgaipighthe fa na claidhtheacha agus na díogacha acht caide thiocfadh le duine a deánamh leis, fhad agus mhair an ghaoth acht chlocha air le na choingbeal shíos.
    Dá ólcas is bhí an sceal ar an tír ba mhíle measa é ar an fhairrge. Bhí an chathadh bhí ag eirigh aistí creathnach go bráth. Bhí sí na chubhar geal bán fad d'amharc amach, agus caorthacha agus rolagaí fairrge ann nach bhfhacas a leithead ariamh. Chuaidh cathadh na dtonn ibhfád isteach fríd an tír, comh fada sin go mbeigean do mhuinntir Beul na Cruite agus an Chéididh a gcuid tobhar a thaomadh amach mar bhí blás an t-sáile ar an uisge bhí ionnta. Is iomda long bhreagh áluinn a threabhaigh an fhairrge go h-uaibhreach ar briseadh ar carraiceachalbh[?] chois chladaigh an uair sin agus fágadh a gcuid admaid 'na gcipiní ar thráigheannaí iarthair na h-Éireann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish