School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 29
- XML “Teann, Teann a Ribe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige thainic cat glas isteach. Bhuail sé buille ar mhac Choin Mhic a Diaraigh agus bhris sé dhá easna ann. Thug sé léim ar dhruim a bheathaigh agus lean sé an cat go dteachaidh siad go bun binne. D'fhoscail an bhinn agus chuaidh an gasúr isteach agus lean an cat é. Ní rabh duine ar bith istigh ach seanbhean mhór a bhí ag cur síos teineadh le na dhá fhiacail. "Míle fáilte romhat agus gabh aníos na teineadh" ar sise. "Imtheochaidh mo chuid eachraí" ar seisean. "Seo chugat trí ribe de mo chuid gruaige" ar sise "agus ceangal iad". Cheangail sé na h-eachraí agus chuaidh sé suad na teineadh chuid an tseanbhean. Caith an t-seanbhean beo de'n teinidh air. Chaith seisean beo eile uirthi-sin. "Cuidiú, cuidiú a bheathadhaigh" ar seisean. "Tean teann a ribe" ar sise "bain cean an chladaigh agus muirbhfidh mise an gaduidhe". Theann an ribe ar an bheathach agus bhain sé an chloigeann de. Bhuail sise buille de'n tslat draoidheacht ar an ghasúr agus rinn sí carriac cloiche de. D'imthigh an dearbhrathair eile a chuartú nuair nach rabh sé ag pilleadh agus chuaidh sé an casan céadna agus isteach sa teach céadna. Shíl an cailín gurbh é an fear céadna é a bhí aici an lá roimhe-re. Ní mó ná go dtiocfaidh aithne idir an bheirt bhí siad comh cosamhail sin le chéilee. "Cá rabh tú ó shoin?" ar sise. "An bhfuair tú greim ar an chat?" "Ba doiligh greim fhaghail air" ar seisean. D'aithin sé gur shíl sí gur an dearbhraithear a bhí ann-san. Thainic an cat isteach, bhuail le na ruball...(continues on next page)
- Informant
- Sorcha (Conall) Ní Grianna
- Other names
- Sorcha (Conall) Ní Grianna (local name)
- Sorcha Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 67
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal