School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 431

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 431

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 431
  3. XML “Scéal - An Fear Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    éisteacht. D'imthigh an fear eile leis agus é ag gáiridh.
    Ní rabh an t-amadán i bhfad gur ghearr sé an géag agus thuit sé féin agus an géag isteach ins an abhainn agus chaill sé an tuaidh. Tháinig sé amach as an abhainn le obair mhór agus reath sé amach siar i ndiaidh an fear eile agus nuair a tháinig sé fhad leis dubhairt sé. Nuair a tá tú chomh maith agus tá tú innis damh cé aca a tá mé beo ná marbh. Tá tú marbh arsa seisean agus d'imthigh sé leis..
    Má ta mé marbh arsa an t-amadán leis fein badh cheart damh a bheith i mó luighe agus mó dhá lámh sínte amach agam. Luigh sé sios agus shín sé amach a dhá lámh mar a bhíodh sé marbh. Bhí sé na luighe annsin go dtáinig cúpla fear thart agus maidí leo agus thug siad leo é. Siubhal siad leo go dtáinig siad fhad le crois-bhealach. Ní rabh fhios aca annsin cé an bealach a rachfadh siad.
    Bhí cuid aca ag iarraidh a dhul an bealach seo agus an chuid eile an bealach údaí. Bhí siad ag tuitim amach le chéile agus toisigheadar a throid.
    Shíl an t-amadán go mairbhfeadh siad é féin agus d'éirigh sé na shuidh agus dubhairt sé. "Go ndéanfaidh an righ a maithe ormsa is é an bealach ó thuaidh a rachainn".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Srath na Bruaí, Co. Donegal