Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éisteacht. D'imthigh an fear eile leis agus é ag gáiridh.
Ní rabh an t-amadán i bhfad gur ghearr sé an géag agus thuit sé féin agus an géag isteach ins an abhainn agus chaill sé an tuaidh. Tháinig sé amach as an abhainn le obair mhór agus reath sé amach siar i ndiaidh an fear eile agus nuair a tháinig sé fhad leis dubhairt sé. Nuair a tá tú chomh maith agus tá tú innis damh cé aca a tá mé beo ná marbh. Tá tú marbh arsa seisean agus d'imthigh sé leis..
Má ta mé marbh arsa an t-amadán leis fein badh cheart damh a bheith i mó luighe agus mó dhá lámh sínte amach agam. Luigh sé sios agus shín sé amach a dhá lámh mar a bhíodh sé marbh. Bhí sé na luighe annsin go dtáinig cúpla fear thart agus maidí leo agus thug siad leo é. Siubhal siad leo go dtáinig siad fhad le crois-bhealach. Ní rabh fhios aca annsin cé an bealach a rachfadh siad.
Bhí cuid aca ag iarraidh a dhul an bealach seo agus an chuid eile an bealach údaí. Bhí siad ag tuitim amach le chéile agus toisigheadar a throid.
Shíl an t-amadán go mairbhfeadh siad é féin agus d'éirigh sé na shuidh agus dubhairt sé. "Go ndéanfaidh an righ a maithe ormsa is é an bealach ó thuaidh a rachainn".- Bailitheoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall