School: Sliabh Mór (roll number 2307)
- Location:
- Slievemore, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Flannabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Mór
- XML Page 370
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann uair amháin agus bhí feilm mhór talmhan aige, agus rinne sé teach don fear a chuir sé isteach...”
Bhí fear ann uair amháin agus bhí feilm mhór talmhan aige, agus rinne sé teach do'n fear a chuir sé isteach ag cumhdach a chuid beithidhigh; bhí stábla taobh leis an dteach; acht leag sé cíos beag ar an bhfear a bhí ag chumhdach na mbeithidheach.Ní raibh an fear gur leagadh an cíos air ag íoch an cíosa. Tháinig an duine uasal chuig an bhfear chomh fada leis an dteach. Chonnaic bean an fhir a bhí ag cumhdach na mbeithidheach an duine uasal ag teacht."Sílim go bhfuil fearg air" adubhairt sí. "Téirigh amach chuig an stábla agus glan amach ó'n gcapall agus tosaigh 'ghá ghlanadh suas."Chuaidh an fear amach. Chuir sé píosa airgid geal isteach ins an áit a ndhéanfadh an capall beag fuighleach (talach) air.Ní riabh an duine uasal abhfad istigh nuair a tháinig an t-airgead ó'n gcapall mbeag ar an bpábháil taobh thiar dhe.(continues on next page)