School: St Margaret's

Location:
Saint Margaret's, Co. Dublin
Teacher:
Una Aylmer
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0792, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0792, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: St Margaret's
  2. XML Page 254
  3. XML “Tobar Mháiréide”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cé go bhfuil an ainm thuas ar an áit seo, is fíor go bhfuil tobar ann ach an ainm air is é "Tobar Naomh Bríghde". Níltear cinnte cé h-í an Naomh Maíreadh ata luaidhthe di b'fhéidir Naomh Mairéadh ó'n Albainn san mbliadhain 1070 nó b'fhéidir Naomh Mairéadh ó'n bFrainch a thainig anuas amhail agus a bhí na Normannaigh i n-Éirinn agus go rinne sí cuairt ar dhaoine a bhí i n-a gcomhnuidhe i mBaile na bPáirc timceall trí mhíle go leith ar an dtaobh thuaidh de'n áit seo. Tá sé suidhthe i bparóiste Fionngláise agus an obair ar leith annso is é talmhaidheact, agus feirm féir. Níl an comharsanacht líonmhar agus beidh níos mó daoine annso mar geall ar an roinnt talmhan atá ar siubhal anois. Is deas na hainmneacha atá ar an dúthcais, cuir i gcás Sceach an Phobail timceall míle thuaidh ón séipéal seo, an brigh leis, deirtear gur bhailig na daoine lé chéile fé'n sgeich sin, go dtainig an sagart annsan cun Aifreann a léigheamh, an fhad agus na dlíghthe peinte ar siubhal. Lamh le "Sgeach an Phobail" ta áit agus an ainm air 'sé "Séipéal Leath-shlighe" agus an ciall leis tá sé suidthe idir "Tobar Mhaíreíde agus Cill Salacháin". Tá páirc ins an áit agus tugtar Páirc an tSagairt air, tá Sean Roilig ins an áit céadna agus is dócha go raibh séipéal ann fadó agus mínigheann sé sin Páirc an t-Sagairt. Tá caisleán ar an dtaobh thiar de n-áit, Tobar Mháireide timceall leath-mhíle ón áit seo. Deirtear go tógad é le linn na Normanaigh a bhí in Éirinn. Tá cuid de slán fós agus deirtear gur chómhnuigh an chlann "Pluincéid" ann. Deirtear freisin go bhfuil saghas pluaise ann, ag dul fé'n dtalamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish