School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0095
- XML “Tairgín Dómhnall Cam”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tairgín Dómhnall Cam.
Bhí buachaill bó ag na Sgiréid i mBaile-an-Dubh fadó. Bhí sé ag féachaint in-dhiaidh an stuic. Dómhnall Cam an t-ainm a bhí air. Tá lorg a thighe ann fós. Thuit tarbh ó'n spéar agus dhair sé budóg a bhí ag na Sgiréid. Bhí leabhra ag Seán Sgiréid agus léigh sé ionnta go dtuitfheadh é seo amach. Bhí ins an leabhair freisin an chéad duine a d'ólfadh bainne na bó seo héis beirthe go mbeadh fios aige. Dubhairt Sgiréid le Dómhnall aire maith a tabhairt gan a laogh a leigint le bainne na bó a ól. Oidhche amháin rug an bhó agus thóg Dómhnall an laogh uaithe. D'ól sé fhéin an baine agus bhí an fios aige. Maidin lá ar na bhárach dubhairt sé leisan Sgiréid gur rug an bhó. "Ar thug tú an laogh uaithe ar seisean. "Thug", adeir Dómhnall. Chuaidh Sgiréid amach agus d'ól sé an baine acht má d'ól fhéin ní raibh aon fhios aige. Ag Dómhnall a bhí sé. Héis sin nuair a teastuigh fios ó'n Sgiréid ceistnigh sé Dómhnall(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway