School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0100
  3. XML “Seanscéal - Scológ na Féasóige Léithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-Sgéal :- Scológ na Féasóige Liatha
    Ní raibh ann ach Seán agus a mháthair agus bhíodar fíor-bhocht. "Déanfaidh mé aimsir leis an bhfairrge, lá is blian" adeir an mac. "Ara, cá bhfuil tú ag dul" arsan máthair, "ní gheobhfaidh tú aon phioc annsin go deo." "Féachfaidh mé é, ar chaoi ar bith" adeir sé. D'imthigh leis. Bhí sé cúpla lá a' siubhlóid, agus chonnaic sé bád lá, ag teacht ar bhárr na fairrge. Bhéarfadh sí ar an ngaoith a bhí roimpi, agus ní bheárfadh an ghaoth a bhí 'na diaidh uirri, bhí sí ag teacht chomh mear sin. Tháinig an bád i dtír agus chuaidh an fear a bhí innte chomh fada le Seán. "An n-imreóchthá cluiche cárta?" adeir an Scológ (i. an fear stráinséarach) "Imreóchaidh" arsa Seán. Chuadar ag imirt. Rug Seán air. "Cuir do gheas anois" adeir an Scológ, "cérbí rud atá uait" "B'ait liom teach deas a bheith agam féin agus mo mháthair", arsa Seán. Bhí sin roimhe nuair a ghabh sé abhaile. Bhí a mháthair thuas an stairghe, [!] agus ar sise, A Sheáin, "cá bhfuil mé chor ar bith? Gabh aníos agus tabhair anuas mé". Ní fhaca tú aon áit bhreágh ariamh mar a bhí aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    T. Ó Domhnallaín
    Gender
    Male
    Informant
    Pádhraic Ó Nualláin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Kinvarradoorus, Co. Galway