School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'éirigh an tighearna ar maidin bhreathaigh sé timcheall agus chonnaic sé teach mór geal uaidh soir. Dúbhairt sé leis féin go rachadh sé soir go dtí é. Nuair a tháinic sé isteach bhí bean óg ag réidhteach béilídhe ach nuair a tháinic seisean isteach chuaidh sise sa siomra. Ba ghearr go dtáinic fear an tighe isteach agus bheannuigh sé go subháilceach do'n tighearna agus thug sé ordú dhó a dhul siar ina phárlús go n-íosfadh sé a bhéile. Chuaidh an tighearna siar ins an bpárlús agus bhí bean óg ann roimhe agus í ag caoineadh. D'fhiafruigh an tighearna d'fhear an tíghe cén fáth an bhean óg a bheith ag caoineadh. Nuair a chuala sise an chainnt dubhairt sí,
"shíl mé nach bhfeicfhinn m'athair ag iarraidh na deirce go brathach"(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Cearra
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Informant
- Pádhraic Ó Cearra
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway