School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0492
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Fadó fadó ariamh sa tsean-aimsir bhí beirt fhear an-saidhbhir ann - tighearna agus prionnsa.”
(continued from previous page)chuaidh sé isteach a gcéad tigh a chas dó. Bhí ciseog fataí leagtha i lár an tighe seo agus níl blas a rinne sé acht a chiseog fataí a chrochadh leis amach an doras go beo deifreach. Níor bhfad dó gur shroich sé an prionnsa agus an tighearna agus leag sé an chiseog fataí fútha agus d'itheadar a ndóthain tor tar.
Thug an saighdiúr an chiseog ar ais arís go dtí an tígh agus gan fiú agus póirín d'fhata uirthi. Annsin tháinic an saighdiúr ar ais arís go dtí an prionnsa agus an tighearna. Annsin d'fhiafruigh siad arís dó a bhfaigheadh sé aon teach dóibh le a bhfaighidís lóistín na h-oidhche agus dubhairt an saighdiúr go ndéanfadh sé a dhícheall le tigh fhághail.
D'imthigh leis an saighdiúr i mbog sodair ag cuartughadh tighe leis an bprionnsa agus an tighearna a choinneál go maidin acht mo léan ní bhfuair sé aon teach mar bhí gach teach lán le daoine má bfhíor. Tháinic an saighdiúr ar ais go dtí an bheirt(continues on next page)- Collector
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Chathair, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- An Púirín, Co. Galway