School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0533
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ague bean fadó agus bhí siad an-bhocht.”
(continued from previous page)Mhuire leis an inghean go gcaithfeadh sí a dhul síos ar an talamh aríst agus dubhairt sí léithe go dtiubharfadh sí eochracha na bhflaitheas dhi agus go bhféadfadh sí gach seomra dhá raibh ins na flaithis do shiubhal ach aon seomra amháin. Annsin d'imthigh an Mhaighean Mhuire. Thosuigh an inghin ag siubhal na [seorraí] uilig nó go dtáinig sí go dtí an seomra seo. Annsin thosuigh sí ag smaoineadh agus d'fhiafruigh sí di fhéin cé'n fáth ar dhubhairt an Mhaighdean Mhuire leithe gan a dhul isteach sa seomra acht sa deireadh bhuail sí isteach. Ní raibh sí acht amuigh nuair a tháinig an Mhaighdean Mhuire ar ais, agus d'fhiafruigh sí de'n inghean an raibh sí istigh sa seomra, dubhairt an inghean nach raibh sí istigh ann ar chor ar bith. "Bhí tú," adeir an Mhaighdean Mhuire. "Ó, ní raibheas" adeir an inghean. "Tá go maith"(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway
- Informant
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway