School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)trithí go h-éasga. Téigheann na gasúir thart ó theach go teach lei annsin. Nuair a théigheann siad isteach sa teach bíonn dán dá rádh aca.
Seo í isteach mo chrios,
Crios na gceithre gcros,
M'ás feárr atá sibh anocht,
Go mba seacht míle feárr,
A bhéas sibh bliadhain ó anocht.
Eirigh suas a bhean an tighe,
Agus téirigh tríd an gcrios.
Annsin éirigheann bean an tighe agus teigheann sí amach cheithre h-uaire ins an gcrios. Gearann sí comhartha na croise uirthi fhéin gach babhta dá dtéigheann sí amach innte. Cuireann sí an chrios thar timcheall uirthi fhéin ceithre h-uaire eile annsin agus abruigheann sí páidir ar bith is maith lei a rádh. Tugann fear an tighe cupla pighinn nó cúpla ubh dóibh agus imthigheann siad leo nó go dtagann siad go dtí an chéad eile. Teigheann(continues on next page)