School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0139
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deirtear gurb é sin an áit tháinig Colm Cille i dtír nuair a tháinig sé as Árainn go Connamara agus gur tharraing sé suas an bád ann agus chuaidh sé ón tobar beag go dtí an tobar mór agus tá lorg slabhra le feiceál ann go dtí an lá indiú.
Ó thuaidh de'n tobar mór tá bád déanta de'n chloich. Tá sí cosamhail le bád go díreach agus tá áit na maidí rámha innte.
Tugann na daoine píosa do'n bhád leób le leighiseanna agus tugann siad an feamuinn agus : an caonach a bhíonn thart ar an tobar leó freisin agus bíonn sé aca arís ar feadh na bliadhna le cuimilt do loit a bhíonn ortha.
Tá cloch mhór ins an tobar beag agus chaith duine do na Blácaigh as í uair agus bhí sí ann arís ar maidin.
D'imthigh sí uair eile as agus chonnaic na daoine istigh faoí charraig í agus bhí siad ag iarraidh í thabhairt amach acht chinn sé orta agus faoí cheann cupla lá na dhiaidh sin bhí sí ar ais na h-áit féin.
Tugann siad turas thart ar an dá thobar sin agus is iomdha duine a fuair leigheas ann.
Tá tobairín beag eile ar an gCaorán An Mulláinín a thugaimíd air.- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Colm 'ac Cualáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway