Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. Galway
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0167
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Druim Sionnach)
    Is iomdha caoi a mbíonn fhios ag na daoine faoi droch-aimsir agus faoi aimsir bhreágh bíonn a fhios aca ó'n spéir é nuair a bhíonns an druim sionnach ins an spéir bíonn báisteach air, agus dhá mbeadh aimsir bhreágh air bheadh an spéir an-chrochta.
    Nuair a bhíonn báisteach air bíonn an ghrian báidhte isteach san spéir agus nuair a bhíonns ceó ar an ngréin ceó triomacht a thugtar air. Tar éis a dhó-dhéag nó mar sin a thagann an ceó sin uirthi agus má bhíonn an ghrian an-dearg tráthnóna agus an spéir tar timcheall uirthi bíonn aimsir breágh air. Nuair a bhíonn stoirm air bíonn néalta móra bána ag rith ar fud na spéire.
    (Gealach Shathairn)
    Ní iarrann an máirnéalach gealach Shathairn a theacht san bhFóghmar acht chaon seachtmhadh bliadhain.
    Ní minic a thagann gealach Sathairn le aimsir bhreágh. Nuair a bhíonn fáinne bán tart timcheall ar an ngealaigh bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn an fear ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Nic Cualáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Cualáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. Galway