School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0237
- XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Acht tráthnóna an tríomhadh lá tháinic sí fhéin amach ina a cóiste agus nuair a bhí sí ag gabháil thairis dhruid Niall anonn léithe agus chaith sé an púdar uirthi. Nuair a chuaidh an púdar uirthí rinne sí í fhéin chomh beag le dreóilín agus thug léim isteach sa mbosga Léim Niall ar a capall acht fuair an cóisteóir greim ruball air agus níor fhéad sé imtheacht Chualadh sé guth 'na chluais ag rádh: "Greim-cruaidh ualach-éadtrom agus marchaigheacht san aer," agus ní túisge abhí an focal as a bhéal ná d'eirigh an capall suas san aer thug aghaidh ar Éirinn ag imtheacht chomh luath leis an ngaoith Mhárta agus an cóisteóir greamuighthe dá ruball ag sgreadach chomh h-árd agus a bhí 'na cheann. Níor bh'fhada go dtáinig an capall slán folláin go talamh ins an áit ar casadh Niall agus an t-sean-bhean ar a chéile. Bhí sise san áit roimhe agus dubhairt: "Fáilte rómhat ar ais ó'n Spáinn. Feicim go bhfuil searbóghanta leat, a mhic an Ríogh." "Tá, go raibh maith agat-sa" ar seisean "agus tá Iolar Clúmhaighe an Óir go cúramach agam ins an mbosga beag"
"Taisbeán dom í," ars an t-sean-bhean, is fada ó bhí Radharc agam uirthi.
D'fhosgail Niall an bosga acht a n'áit éinín léim an bhean is deise dhá bhfacaidh súil ariam amach as
"O m'Inghin alúinn thú," ars an
tsean-bhean, "is fada thú imthighthe uaim, agus ní fheicfinn go deó tú marac an mac Ríogh seo agus bronnaim air tú anois(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway