School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 345

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 345

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 345
  3. XML “Naomh Colm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rugadh Naomh Colm Cille i gCúige Uladh. Bhí sé in a shagart agus chaith sé tamaill maith dá shaoghal ag múineadh ar oileán Árainn. Nuair a bhí sé ag teacht amach as oileán Árainn shéid storm mhór agus gála agus b'éigean dó teacht i dtír ar oileán Fiadhinis.
    Cuir sé a druim le áill mhór agus d'fhág sé lorg a droma ins an áill agus deirtear go bhfuil an áill sin ann i gcómhnaidhe. Áill mór iseadh é act go bhfuil sé déanta mar a bheadh bád ann. Is ins an mbád sin a tháinig sé amach as Árainn. Is ar an tráigh atá sí fágtha agus deirtear go bhfuil lorg a cos ins na clocha nuair a bhí sé ag fágáil an báid.
    Tá tobar beannuighe ann le Naomh Colm Cille agus gach blian ar an naomhadh lá de Meitheamh teigheann go leór daoine ann ag déanamh turais. Tugann gach duine píosa de'n bád leis agus cuid eile aca tugann siad cuid de'n feamainn a bhíonn ag fás in aice le tobar Naomh Colm Cille leó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish