School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 424

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 424

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 424
  3. XML “Oíche na Stoirme Móire”
  4. XML “An Pota Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Trí bliana in dhiaidh Oidhche na Stoirme Móire do tógadh teach Pobail Chárna agus is iomdha duine a bhí ag obair air. An lá a raibh na ballaí críochnuighthe ag na saoir dubhairt fear aca leis an sagart pobail go raibh a gcuid oibre féin déanta agus d'fhiafruigh dhe an raibh adhmad aige chun ceann a chur ar an teach. Ní raibh aon airgead aige le h-aghaidh sin agus dubhairt 'Cuirfidh Dia an t-adhmad chugainn'. Maidin lá ar na bhárach ní raibh cuisle ná crompán ó Inis Bigir nach raibh lán de shlatrachaibh ó shoitheach a briseadh thiar ar na Sgeirdí. Níor thainig aon duine dá gcoinnibh agus nuair nár tháinig fágadh ag an sagart iad le h-aghaidh an t-séipéil. Tháinig an tArd Easpag Seán Mac Éil ó Thuaim chun an teampall nua do bheannú. Bhronn sé cailís ar an teampall agus tá sí fós ag sagart pharóiste Chárna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Tomás Buidhe Ó Néill. Bhíodh fear ag teacht chuige ag rádh leis dá dtéigheadh sé go Co. Luimnigh go bhfuigheadh sé Pota Óir ann. D'imthigh sé leis go Luimneach agus casadh fear dó ann. 'Arbh mhiste dhom fiafruighe díot cá bhfuil tú ag dul'. 'Ní miste' a deir Tomás 'mar tá fear ag rádh liom dá dtéigheann go Luimnighe go bhfuigheann pota óir ann'. Ní dhearna Tolás ach casadh ar ais agus chuaidh sé go dtí a theach féin agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway