School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh sí isteach agus bhreathna sí thart i chuile áit agus chonnaic sí sean-bhean na suidhe cois na teine. "Cé bhfuil tú" a deir an tsean-bhean.
Tá mé ar lorg oibre a deir sí" "Má tá" deir an tsean-bhean "ta neart oibre agam sa dhuit". Téirigh amach go dtí an tobar agus tabhair isteach lán an tsaothláin do uisge". Chuaidh sí amach agus is gearr go dtáinig sí go dtí an tobar. Shíl sí an t-uisge thogáil ach chinn sé uirri. Rinne sí an darna h-uair agus an tríomhadh h-uair é ach chinn sé uirri. Chuaidh sí isteach go dtí an tsean-bhean agus dubhairt sí léite nach rabh sí indhon é thabhairt isteach. Chuaidh an tsean-bhean suas i seomra agus thug sí anuas an tslaitín droidheachta. Bhuail sí an cailín léithe agus rinne sí cloch ghlas do. Nuair nach [!] an inghean is sine ag teacht abhaile dubhairt an darna h-inghean go rabh sí fhéin ag dul ag imtheacht. Lá amháin d'fhiafruigh an mháthair do cé bhfearr léithe an cáca mór agus a mallacht no an cáca beag agus a beannacht. Dubhairt an dara h-inghean gur bhfearr léithe an cáca mór agus a mallacht. D'imthigh léithe agus ní rabh sí abhfadh ag siubhal go dtáinig sí go dtí tobar agus shuidh sí síos ag caitheamh lóin. Is gearr go dtáinig gadhar go dtí í. "Tabhair píosa aráin dhom" a deir sé léithe ach dubhairt sí leis imtheacht go rabh sí gann aice fhéin.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Ghaora
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Mairead Ní Chonríog
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Bean feirmeora