School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 102
  3. XML “Maighdean Mara na Mara Duibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    deireadh shroich siad caisleán mór bán thíos faoi uisge. Bhuail an mhaighdean buille air agus rinne sí in a (cruit) chrot féin arís é. Nuair a shíl sé í fheiceál bhí sí in a bhean áluinn. Bhí an caisleán mar caisleán a athar in Éirinn. Tugadh an bheirt isteach sa bpárlús agus cuireadh na feara fáilte rómpa. D'innis sise cé bhí léithe.
    Bhí bord óir agus cathaoireacha airgid i lár an urláir. Tháinig an lucht freastal leis an mbiadh ba húire agus leis an deoch ba shine. Nuair a bhí a sáith ithte agus olta aca chuaidh siad síos chun na páirce agus glaoidh sí ar a cuid cleasaidhte agus tháinig siad go fonnmhar. Chuir fear aca sleagh in a seasamh sa talamh agus léim sé de chothrom talaimh agus tháinig sé anuas uirthí le bonnaibh loma. Chuaidh an sleagh thuas trén a chosaí agus amach trén a chloigeann agus d'eirigh sé diuthe agus bhí sé chómh slán agus a bhí sé ariamh. Bheireadh fear ar chlaidhmhe 'na fhiacla agus chaithfead sé le fear eile é. Theigheadh an claidhmhe isteach trén a dhruim agus amach trén a ucht agus sheasfadh sé ar bhárr sa talamh agus bhíodh sé chómh maith agus bhí sé ariamh.
    Nuair a bhí siad tuirseach de'n ealadhain sin chuadar isteach 'un a tighe agus d'itheadar agus d'óladar a sáith. Nuair bhí siad ag leagant na nordóg air thug an mhaighdean mac riogh go seomra an ceóil. D'orduigh sí d'á cuid piobairí tosnuigh agus thosuigh an ceól d'á sheinm go binn. Nuair a bhí siad tuirseach dubhairt an mhaighdean le mac an riogh seinm. Dubhairt mac an riogh go gcuirfeadh a chuid ceóil tinneas ortha, acht b'éigean dó a dhithcheall a dhéanamh.
    Sbáin sí gach nidh ní ba aistigh' ná a chéile. Nuair a bhí siad ag caitheamh féasta mór an oidhche sin tháinig teachtaire ó mhaighdean eile go gcaithfeadh cath bheith eatorra. Dubhairt sí go dtroidhfidh sí í faoi
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway
    Informant
    Seán Breathnach
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway