School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 137
  3. XML “Bó na Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i n-ainm aige ar seo agus ar siud. “Tugaidh dhom mo bhó” ar seisean. Bhí sé leof mar sin gur thugadar dó an bhó.
    Nuair a bhí sé ag dul amach bhí sean bhean ag bogadh gasúir i gcliabhán. Bhí sí ag bréagadh an ghasúir agus bhí sé sa mbreagadh aici “ mar (mur) bhfághaidh tú an buaidhreach tiocfaidh an bhó arais”. Thosuigh sé ag easgaine arís agus annsin thugadar an buidhreach dhó. (buadharach).
    Nuair a bhí sé ag dul amach an doras bhí sean fhear in a shuidhe taobh amuigh agus é ag caoineadh. “Céard tá ort” adeir sé no cé'n fáth a bhfuil tú ag caoineadh”. “Tá” adeir an sean fhear “Tá comharsa béil doruis duit agus tá bodóg mór sa gnoc aige agus tá siad len a chaitheamh le meal anocht agus cuirfidh siad mise in a háit. Agus cuirfidh siad píosa chugatsa agus píosa chuig a leitheid seo d'fear eile freisin”. Bhí an sean-fhear ag déanamh fáinne luaithridh thug sé an fáinne do'n bhfear agus dubhairt sé leis breathnúgadh thríd agus go bhfeicfeadh sé céard a bhí ann. Annsin dubhairt sé leis é a chuir i gcoirnéal na ngarraidh. D'imthigh sé abhaile agus an fáinne in a phóca aige agus an bhó amach roimhe.
    Maidin lae ar na bhárach bhí an sgéala ar fuaid an bhaile go raibh an bhudóg marbh. Tháinig píosa chuig fear an fháinne agus (chonnaic) bhreathnaigh sé thríd an bhfainne agus chonnaic sé céard a bhí aige - píosa de dhruim an tseanfhir. Agus chuir sé i gcúinne sa ngarraidh é.
    Annsin chuaidh sé go dtí teach a cómharsin agus bhí sé ag cainnt go ceann sgathaimh. Bhí an pota ar an dteine agus thug sé síos an chathaoir in aice na teine. Chuaidh bean a' tighe síos agus thóg sí an led dén phota. Thóg seisean an fáinne as a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Seoighe
    Gender
    Male
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway
    Informant
    Sean Seoighe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway