School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 140
  3. XML “Máirín an Fhionnaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leo shíl siad í a chuir abhaile acht ní rachadh sí abhaile dóibh. Dubhairt siad go mbeadh siad náirighthe aici beirt bhan bhreagh agus a leitheid de spriosáinin a bheith leo. Bhí sé ag tuitim 'na hoidhche nuair a tháinig siad chómh fada le Pálás an Riogh. Bhuaileadar ag an doras. Tháinig mac an riogh amach. “Céard tá ag teastáil uaibh” ar seisean. “Loistín na hoidhche ar siadsan, “ar sáith le n-ithe agus obair an lá in a dhiaidh”. Chuaidh sé arais chuig a athair agus d'innis dhó.
    Dubhairt an riogh go raibh a leithead ag teastáil uaidh. Tháinig an ríogh annsin. D'fiafruigh sé de'n chéad inghean cén saighis oibre ba maith lei “In mo chócaire” ar sise “an obair a chleachtuigh mé as tús mo óige”. Tá go maith ars an riogh. “Cén obair a thógfas tú” deir sé leis an dara inghean “Ag máighistreacht ar chócairí” ar sise “sin é an obair a chleachtuigheas as tús m'óige”. Bhí an oiread faitchíosa air roimh Máirín agus go raibh sé ag tuitim i lagachaí. “Cén obair a thógfas tusa” ar seisean. “Ag cumhdach beithidheach an obair a chleachtuigheas ó thús mo shaoghail.” “Tá go maith” ar seisean. “Is fada an lá thú ag teastáil uaim.”
    Chuadar a chódhladh an oidhche sin agus bhí an-ghrádh ag mac an ríogh do cheann do na hingneacha. Agus d'eirigh sé san oidhche le dul chuig an seomra ina raibh sí ina codhladh. Chuaidh luch beag ina cluais. Chuir sé as í. Shíl sé dul in a béal, in a shúil, in a polláire agus bí se in in a tín-tuathbhall aicí agus b'eigin dó dul a chodhladh. Cé bheadh ann acht Máirín go mbeadh fhios aicí céard a bheadh siad ag rádh. D'eirigh Máirín maidin lae ar na bhárach agus chuaidh sí ag cumhdach na mbeithidheach. Sa mheadhon lae chuaidh na ba thar teórainn agus bhí sí tamall fada ann nuair a d'airigh Máirín iad. Tháinig fathach agus thug sé leis na ba. Lean Máirín é agus chuaidh sí roimh na ba. Lean an fathach í acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0403: The Black and the White Bride
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway