School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 190

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 190

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 190
  3. XML “An Driotháir Bocht agus an Driotháir Saibhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Lá amháin dubhairt an sagart leis an mbeirt dhriotháir bheadh réidh maidin lár-na-bharach le bothar a bhualadh. Maidin lár-na bhárach thainig síad le chéile agus bhiodar ag imtheacht leobhtha ariamh ariamh [!] nó go dtáinig síad go dtí trí cros-bothar. "Bhal [?] anois ar's an sagart, geobhaidh duine againn a ceann seo, agus duine eile an ceann agus b'fhéidir mé féin an cros bhothar seo, agus an chéad duine agaibh a thiocfaidh annseo amarach fanfaidh sé leis an mbeirt eile" "Tá gomaith ar's an bheirt". Bhuaileadar bothar acht ar chuma ar bith bhí an driotháir bocht ag imtheacht leis nó go dtáinig sé isteach i gcoill. Chonnaic sé solus i bhfad uaidh agus dhirigh sé air. Tháinic sé go dtí é agus céard a bheith ann acht teach beag a raib solus istigh ann. Chuaidh sé isteach agus shuidh sé síos, agus is dóiche liom go raibh sé sathach tuirseach. Bhí beirt chailíní ag freastal agus leagadar aige gach sórt cineál bhidh agus ba dhoighe liom go raibh sé ina chall. Tar éis an béile a bheith ithte aige suidh sé síos aríst agus chaith sé an oidhche le spraoid agus spóirt. Bhí an driotháir saidhbhir ag dul tríd coill agus gach billeóg a chasfaí dó chuireadh sé ina phoca íad. Bhí an sagart i gcruadhchas, dairigh sé ainmhidhe fiadháin sa choill agus chuaidh sé suas i gcrann a bhí ann. Thosuigh an th-ainmhidhe ag gearradh an chrann agus bhí sé gar de bheith gearrtha aige nuair a ghlaoidh an coileach. Stop sé annsin go ghearradh an chrann agus tháinic an sagart anuas. Cébí cé aca a tháinic i dtosuigh d'fhan se leis an mbeirt eile. Nuair a bhí an triúir aca tagtha, dfhiafruigh an sagart den driotháir bocht cé mar a deirigh leis. "Thar cion amach ar's an driotháir bocht níor chaith mé aon oidhce ariamh chomh maith agus chaith mé, le biadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway
    Informant
    Liam de Búrca
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    84