School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 227
- XML “An Fear agus na Ciseáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh sé ibhfad ann gur thug sé fá deara na slata a bhí ann. Annsin thóg sé amach a sgian agus thosuigh sé ag baint an chroicinn de na slataibh agus bhíodar bán feiceálac annsin.
Faoi cheann tamaill eile thosuigh sé ag déanamh cliabh agus ciseán agus go leór rudaí as slataí. Annsin nuair a bhí sé cúpla blian ann thosaigh sé dá ndéanamh ós cionn a chéile agus bhí siad mar a bheadh teach árd sa spéir agus geal le feiceál agus bhí na torthaí fós d'á choingbheál beó. Annsin nuair a bhí sin déanta aige chuir sé slat mór as sin suas agus chuir sé fileadh bán air i slighe is go mbeadh sé le feiceál ag chuile duine. Annsin lá amháin bhí captaoin eile ag dul thart agus ceann de na báid bheaga aige agus dubhairt sé le'n a chuid fear go raibh fear ar an oileán agus gur b'in cómhartha a bhí suas aige. Chuaidh siad go dtí an fear agus is dócha nach gádh dom a rádh go raibh fáilte rómpa.
Annsin phacáil sé suas a chuid ciseán agus bhí lán an bháid de rudaí aige. Annsin níor stop siad go dtáinig siad go dtí Ameriocá agus tháinig sé ar an dtráigh agus na rudaí go léir leis le dul d'á ndíol. Chuala an bhean go raibh sé tagtha agus iad aige agus chuir sí a cailín aimsire amach a [?] rádh leis an ceann ab' bfearr agus ba deise a choingbheál dí féin agus choingbhigh.
Thug sí isteach é annsin is thug sí a dhinnéar dhó agus dubhairt sí go mbeadh damhsadh is ceól(continues on next page)- Collector
- Máire Seoighe
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
- Informant
- Tomás Seóighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway