School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fada leis agus céard a bheadh ann acht caisleán agus ní féadfadh sé ghabhail isteach ann acht i doras a bhí ar bhárr an chaisleáin.
Bhí go maith agus ní raibh go holc chuaidh sé suas dréimide agus isteach leis. Ní raibh sa gcaisleán acht bean amháin agus ghléas sí suipéar dhó agus nuair a bhí an suipéar itthe aige shuidh sé síos agus is gairid gur chualaidh siad trí bhéic agus dubhairt an bhean gur b'sin trí fathaigh bhí in a gcomhnuidhe sa gcoill agus dubhairt leis gan a dhul amach no go marbhochadh na fathaigh é, acht mar sin féin dubhairt sé go rachadh sé amach ag suibhlóid, agus nuair a bhí sé píosa beag amach o'n teach casad ceann de na fathaigh leis. Fú Fá Feasóige fághaim boladh Éireannach agus is beag liom do ghreim thuú agus is mór liom do dhá ghreim thú deir sé agus cé aca bfearr leat bheith ag coraideacht ar leacraca dearga nó cúir sgeana mór in de asnacaibh." "Bfearr liom ar leacracha dearga," ars an stoicín. "Tá go maith ar an fathach, agus thosuigh siad agus is beag nár mharbhuigh an stoicín é, acht dubhairt sé leis go dtiubhradh sé claidheamh soluis dhó acht gan é mharbhughadh, agus adeir sé feach ar smut ar bith de na crannaibh sin is maith leat é. "Ní fheicim smut ar bith níos grandha na do smut fhéin," arsa(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Coighin
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Maum, Co. Galway