School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 050
  3. XML “Scéal - An Triúr Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    raibh an trúir mac tarraingt ar blíadhain is fiche; is bhíodar beo bocht agus dubhradar féin le chéile go raibh sé chomh maith aca a dhul a saothradh a mbearta go ceann blíadhna. D'imthigheadar leo go dtáinceadar go dtí cros bhóthar.
    Dubhradar féin le chéile go gcasfhadh le chéile iad fá cheann lá is blíadhain. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an lá is blíadhain a bheadh thuas dubhradar le chéile go raibh sé chomh maith aca casactáil le chéile mar bhí geallta aca. D'fhág an mac ba shine an feilméara a bhí sé ag obair dhó, is (ag) ar a bhealach ag an gcros bhóthar chonnaic sé siopa agus sgáthán breágh ar an bhfuinneóig taobh istigh ann. Chuaidh sé isteach chuig fear an siopa agus d'íarr cé mhéad a bhí ar an sgáthán.
    Dubhairt fear an siopa leis go raibh sé an daor, acht go raibh cinn eile aige i bhfad níos saoire a bhfeadfhadh sé thabhairt dhó. Ní ceanneochaidh mé aon sgáthán uait acht an ceann atá ar an bhfuinneóig, cebrí céard a bhainis tú dhe sin caithfidh tú é fhághail. Leag sé luach ar an sgáthán agus thug sé sin dó agus d'imthigh leis.
    Nuair a bhí an dara mac ag triall ar an gcros bhóthar chonnaic sé napicín breágh síoda ar fhuinneóig an tsiopa. Chuaidh sé isteach agus d'íarr cé mhéad a bhí ar an napicín a bhí ar an bhfuinneóig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0654: The Three Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Colm Ó Catháin
    Gender
    Male
    Age
    35
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Maum, Co. Galway