School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 055
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tigheacht annsin chuig an teach. Chaith an gaduidhe dubh a chuid éadaigh a chaitheadh dhe agus dul isteach sa seomra in-éinfheacht le na daoinibh a bhí marbh ag an bhfathach, agus luigheadh isteach leo.
Nuair a tháinig an fathach isteach, fám baluth muicfeóla adeir sé. Sin é an baluth a bhíonn's ar na daoinibh nuair bhíonn siad bruithte. Féach annseo an mhéar adubhairt sí ag teasbáint an mhéir dhó. Chuaidh sé ag ithe na muice annsin nuair go raibh sí ithte uilig aige. "Ó níl mo dhóthan agam adeir sé." Níl aon bhlas eile agam duit adubhairt sí.
Tabhair dhom an rápéar go mbainfhidh mé piosa go na daoinibh marbh seo agus go n-íosfhadh mé é. Thosuigh sé ag toruigheacht leis go bhfághadh sé an ceann ba raimhre ceathramhadh, agus ar an ngaduidhe dubh is feárr fuair sé an ceathramhadh.
Bhain sé anuas an píosa ó bhun na ceathraimhne go h-iosgad agus níor fhéad an gaduidhe dubh corruighe. Dubhairt an gaduidhe dubh in inntinn fhéin iocfhaidh tú é sin. Shín an fathach annsin siar ar leabaidh cláir agus thuit sé in a chodhladh. D'éirigh an gaduidhe dubh annsin agus chuir sé bior iarann sa teine agus dosgail sé an doras. Ní raibh ins an bhfathach seo acht aon t-súil(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway