School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 101
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)marcach ar dhroim chapaill agus chuimhnigh sí ar an bhfear uasal.
Dúbhairt sí le fear an chapaill í leigint amach agus dá bhfiafróchadh an marcach do an bhfeachaid sé aon chailín ag gabháil an treó a rádh leis ná feachaid. Annsan chuaidh sí lastuaidh de'n gclaidhe agus d'fhan sí ann go dtí go raibh an marcach imighthe as a radarc.
Igcionn tamaill tháinig fear an chapaill suas le fear na rálach agus d'fiafruigh sé dho an bhfeachaid sé a leithéid sin de chailín ag gabháil an treó. Dúbhairt sé ná feachaid sé aon neach ó mhaidean. Chas sé ar a sháil arís agus é go dúbhach brónach.
Ní raibh sé ach tamall imighthe nuair a tháinig an cailín amach as an gclaidhe agus chuir sí sa rith abhaile.
Nuair a shrois sí an baile d'innis sí gach nídh dá athair fé mar a tharlaid.
Tar éis tamaill chuaidh sí i n-áirde an staighre agus d'fhéach amach tríd an bhfuinneóig ach má fhéach chonnaic sí an(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry