School: Scoil N. Íde

Location:
Márthain, Co. Kerry
Teacher:
Éamonn Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Íde
  2. XML Page 150
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an oidhche mar bhíodh spirid a fheiscint i mám Clasach. Níor chuimhnig an bhean ar an dtobach go raibh an tráthnóna déanach agus ní fheadar sí cad a dhéanfadh sí.
    Tháinig an fear abhaile ó bhaile an ghóillin taréis a laé oibre.
    "An dtugais an tobac chúgham" ar seiseann. "Ó Dia linn" ar seise níor chuimhnuigeas air go raibh sé ró dhéanach.
    D'fhéach an fear timcheall an tíghe, fuair sé maide maith agus dúbhairt sé léi na bhean leath-raol is leath-phingine a thabhairt do go mbainfeadh sé Dún Caoin amach pé rud a dhéanfadh an spirid.
    Do chrom an bhean ag gol.
    "Ní h-aon mhaith dhuit a bheith liom" ar seisean caithfidh mé dul ag triall ar an dtobac. Seo leis trí dhrom bhaile an chóta amach cómhgar na ngort suas chun an Chlasaigh. Do bhí solas i dtig mhuinntir Sheaghdha an uair sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Nic Gearailt
    Gender
    Female
    Informant
    Muiris Mac Gearailt
    Gender
    Male