School: Dubhghlas (C.)
- Location:
- Douglas, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean de Róiste
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhghlas (C.)
- XML Page 319
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tráth do chomhnuig fear agus bean i leath-fhearran agus bhíodar pósta le na chéile.”
(continued from previous page)mháighistir leis, na ba do cimeád as gáirdín na cistineach, mar bheadh an Rígh ar buile. 'Sé an chéad rud a dhein sé ná iad do thiomáint isteach ann. Do tháinig an Rí agus bhí sgian aige. Do thug an buachaill fogha fé agus do mharbh sé é.
Um tráthnóna tháinig sé abhaile agus dubhairt an mháighistir leis go rabhadar ag féachaint go folamh. "Táid " ar seisean, "bhíodar istigh i gáirdín na cistineach agam." "Ó" ar seisean "marbhóchaidh an Rí thú anocht."
"Ní dhéanfaidh sé mar do mharbhuigheas féin é indiu."
Annsan ceap an feirmeóir go mbeadh caoi aige é dhíbirt abhaile. Dubhairt sé ná raibh sé sásta leis. D'iarr sé ar an bhfear cad a dhéanfadh sé leis. Dubhairt sé go raibh triochadh is a h-ocht acra coirce aige agus muna mbéadh sé go léir buailte aige i gceann lae go gcuirfeadh sé abhaile é.
Thosnuigh an buachaill go moch ar maidin agus an chéad buille a bhuail sé do bhris sé an súiste adhmaid. Chuaidh sé go dtí an gabha agus dubhairt sé leis súiste iarainn do dhéanamh i gceann uaire a chluig. Agus muna mbeadh sé déanta aige mharbhóchadh sé é. Thosnuigh sé agus bhí sé déanta aige. D'imthigh an buachaill agus chríochnuigh sé an obair.
Annsan dubhairt an feirmeóir leis an mbuachaill go raibh a athair thíos in Ifrinn agus dul síos agus é thabhairt amach. D'imthigh sé síos, agus thug sé an súiste iarainn leis. Do thiomáin sé gach duine a bhí ann amach. "Ciucha díobh san é?" arsa'n mbuachaill.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhuigín
- Gender
- Female
- Address
- Laharan, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Duigín
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Cúntóir siopa
- Address
- Laharan, Co. Kerry