School: Clochar na Trócaire, Moyderwell, Tráighlí
- Location:
- Moyderwell, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Antoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Inid an t-am is mó a phósann daoine san áit seo. Dar le daoine is mí-ráthmhar posadh Dé Luain no De h-Aoine i mí Bealtaine nó i mí Meadon Fógmhair.Deirtí fadó go dtéigheadh na daoine non-pósta nár pósadh insan Inid go dtí Carraig Scealg. Théightí mór-timcheall le téad agus thugtí ná daoine nár phósadh insan Inid go Carraig Scealg mar a deirtí. Gach Inid sgríobhann cúpla duine amhrán ag magadh fé's na daoine nár pósadh insad Inid. "Skelligs List" a tugtar air.Deintear cleamhnaistí im' chenntar. Airgead is ghnáthaighe a tugtar mar spré. Uaireannta tugtar stoc nó píosa talmhan. San t-sean aimsir théigeadh cáirde na mná go tigh an buachalla agus biotáille aca. Annsar deireadh siad gur thánadar chun cleamhnais a dhéanamh. Thógadh gach duine gloine de'n bhiotáille. Bhíodh siad ag áiteamh(continues on next page)